Work

Léargas ar thaithi mhúinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta: dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna

Year: 2014
Type: dissertation
Abstract: Cuireann an taighde seo roimhe iniúchadh a dhéanamh ar thaithí ghairmiúil\nmhúinteoirí iar-bhunscoileanna n Gaeltachta, lena n-áirítear na dúshláin atá le\ntabhairt acu agus an dearcadh atá acu ina leith. Tá sé mar aidhm ai ge freisin cíoradh\na dhéanamh ar na cleachtais oiliúna a bhfuil na múinteoirí páirteach iontu agus ar\noiriúnacht na gcleachtas sin dá riachtanais fhorbartha. Baintear leas as an\nbhfeiniméaneolaíocht chun na ceisteanna taighde agus nithe eile a eascraíonn astu a chíoradh.\nIs iomaí athrú atá tagtha ar ghairm na múinteoireachta le blianta beaga anuas.\nTá tionchar suntasach ag na hathruithe seo ar na múinteoirí, go háirithe ar a\nbhféiniúlacht ghairmiúil. Is iomaí athrú atá tagtha freisin ar chomhthéacs oideachais\nna Gaeltachta a thugann dúshlán suntasach do rannpháirtithe an choráis sin. Áirítear i\nmease na ndúshlán sin: an t-aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla; áiseanna míoiriúnacha\nteagaisc agus foghlama; deacrachtaí timpeallacht lán-Ghaeilge na\nscoileanna a chinntiú agus a chothú; freastal éagothrom ar riachtanais oiliúna agus\noideachais na rannpháirtithe.\nBunaítear an tionscadal seo ar thaighde páirce feiniméaneolaíochta ina\ngcuimsítear agallaimh ina gcuireann múinteoirí iar-bhunscoileanna na Gaeltachta a\ndtaithí agus a ndearcadh i láthair, mar aon le taighde tánaisteach a chuimsíonn anailís\nar litríocht ábhartha.\nIs beag taighde atá ar fáil i láthair na huaire ar thaithí ghairmiúil agus phearsanta\nmhúinteoirí iar-bhunscoile, go háirithe an taighde sin a chuireann guth na múinteoirí\nsin i lár an aonaigh. Tá an bheama seo le sonrú go láidir sa chomhthéacs oideachais\nGaeltachta. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo, tri anailís litríochta agus taighde\npáirce, an bheama sa chorpas reatha taighde a líonadh agus léargas cruinn a thabhairt\nar thaithí an mhúinteora iar-bhunscoile Ghaeltachta.
Author: Ní Thuairisg, Laoise
Language: Irish
Open Access status: green
OpenAlex ID: W7001784520
Cites: 85
Cited by: 11
Related to: 10