Cur chuige ionchuimsitheach i dteagasc na léitheoireachta Gaeilge sna hardranganna bunscoile i scoil tumoideachais. [An inclusive approach to reading in Irish in the higher classes in an immersion primary school].
Year: 2025
Type: article
Abstract: I suíomhanna tumoideachais in Éirinn bíonn daltaí tumtha i dteanga nach teanga an bhaile í ag a bhformhór. Sna hardranganna bunscoile cleachtar léitheoireacht na Gaeilge agus an Bhéarla. Ach is beag eolas atá againn ar an dóigh a léann páistí tumoideachais sa Ghaeilge nó sa dá theanga nó ar na scileanna agus straitéisí a bhíonn in úsáid acu agus iad ag léamh. Tá ganntanas treorach agus taighde ann ar an bhealach is éifeachtaí leis an délitearthacht a chur chun cinn, nó le freastal ar riachtanais dhifriúla na bpáistí thar dhá theanga. Le cleachtas ionchuimsitheach a chur chun cinn tá géarghá leis an eolas seo. Sa staidéar seo baintear úsáid as measúnaithe múnlaitheacha, ailt taighde agus ábhar léitheoireachta nua le múinteoirí a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar an gcleachtas reatha. Fiosraítear grúpaí dírithe léitheoireachta mar fhéidearthacht le freastal ar riachtanais éagsúla agus le tacú le múinteoirí cur lena straitéisí ionchuimsitheacha le páistí 9-11bliana d’aois.
Author: de Brún, Jacqueline
Institution: Trinity College Dublin
Language: Irish
Subfield: Developmental and Educational Psychology
Field: Psychology
Domain: Social Sciences
SDG: Quality education
Open Access status: green
OpenAlex ID: W7082102024
