Work

Iniúchadh ar an bhFoghlaim Thascbhunaithe mar Chur Chuige le Scileanna Idirghníomhaithe Cainte a Fhorbairt sa Ghaeilge in Iarbhunscoileanna meán-Bhéarla (T2)

Year: 2026
Type: dissertation
Abstract: Léirítear sna tuairiscí leanúnacha ó chigirí na Roinne Oideachais agus Óige nach bhfuil scileanna idirghníomhaithe cainte scoláirí iar-bhunscoile meán-Bhéarla (scoileanna T2) ag teacht leis na scileanna teanga eile atá acu sa Ghaeilge. Cuireadh taighde dearadhbhunaithe i bhfeidhm mar mhodheolaíocht chun staidéar cáilíochtúil a dhéanamh ar an bhfoghlaim thascbhunaithe um theanga (FTBT) mar chur chuige chun scileanna idirghníomhaithe cainte a fhorbairt i measc scoláirí a bhí ag freastal ar scoileanna T2. Dearadh clár forbartha gairmiúla inar ghlac ceathrar múinteoirí páirt. Forbraíodh foireann tascanna a thagann leis an litríocht ar FTBT a d’úsáid an taighdeoir mar chuid den fhorbairt ghairmiúil sular bhain na múinteoirí leas astu lena gcuid scoláirí. Bhí trí thimthriall sé seachtaine ann ag teacht le taighde dearadhbhunaithe. Rinneadh leasuithe ar na hacmhainní le linn an taighde ar bhonn atriallach agus i gcomhpháirt leis na rannpháirtithe. D’eascair acmhainní oideolaíochta bunaithe ar FTBT ón taighde. Rinneadh agallamh leis na múinteoirí ag tús agus ag deireadh gach timthrialla chun sonraí a bhailiú uathu faoi na braistintí a bhí acu maidir leis an bhforbairt ghairmiúil agus FTBT. Reáchtáladh grúpaí fócais le scoláirí i ngach scoil freisin chun iniúchadh a dhéanamh ar na braistintí a bhí acu maidir le FTBT (n = 18). Ar an iomlán, léiríodh go raibh braistintí dearfacha ag na rannpháirtithe maidir le FTBT mar chur chuige atá taitneamhach agus gníomhach chun scileanna idirghníomhaithe cainte a fhorbairt. Léiríodh freisin gur thaitin an ghné idirghníomhach den FTBT leis na rannpháirtithe ach taispeánadh go mbeadh drogall ar mhúinteoirí FTBT a chur i bhfeidhm i scoileanna T2 de bharr chúltionchar na scrúduithe stáit. Eascraíonn moltaí ón taighde maidir le hoideachas múinteoirí, forbairt agus cur i ngníomh FTBT agus taighde eile amach.
Language: English
Open Access status: green
OpenAlex ID: W7225846609
Cites: 455
Cited by:
Related to: 10