Líofacht na Léitheoireachta Gaeilge: Ó dhíchódú go tuiscint [Reading Fluency in Irish: From decoding to comprehension]
Year: 2026
Type: article
Study design: Observational Study
Abstract: Déantar iniúchadh sa staidéar seo ar an tábhacht a bhaineann le líofacht na léitheoireachta i dteanga mhionlaigh, an Ghaeilge. Léiríonn taighde nach ionann líofacht na léitheoireachta sa chéad teanga (T1) agus sa dara teanga (T2) agus gur gá máistreacht a fháil ar ghnéithe eile na léitheoireachta le líofacht a bhaint amach. Pléitear líofacht na léitheoireachta i gcomhthéacs na dteangacha atá i gceist agus an tionchar a imríonn tréithe teangacha ar an traschur i scileanna litearthachta. Sa staidéar seo, cuireadh rúibric in oiriúint don Ghaeilge le páistí sa chóras tumoideachais (n=158) a mheas maidir le luas agus prosóid na léitheoireachta. Léigh rannpháirtithe go mall i gcomparáid le moltaí don T1, ach bhí tuiscint acu. Léiríonn na torthaí sa staidéar seo an gá le tuiscint a bheith ag oideachasóirí ar fhorbairt na scileanna a bhíonn ag páistí dátheangacha agus an gá le hiniúchadh a dhéanamh ar thréithe na Gaeilge agus an Bhéarla le buntáistí a bhaint as traschur scileanna sa litearthacht. Léiríonn taighde an gá le teagasc na léitheoireachta agus nach leor an léitheoireacht leathan leis an léitheoireacht a chur chun cinn. Tá impleachtaí anseo do theagasc léitheoireacht na Gaeilge i suíomhanna eile. This study investigates the importance of fluency in reading in a minority language, Irish. Research illustrates that fluency is not the same in the first language (L1) as in the second language (L2). It is necessary to master the other components to achieve fluency. Reading fluency is discussed in the context of the languages in question and the influence that specific language traits have on transfer in literacy skills. In this study, a rubric was adapted to assess children’s reading fluency in immersion schools (n=158), considering speed and prosody. Particpants read slower than the recommendations for L1 readers but with comprehension. Results show that educators need to understand reading development for bilingual children and the importance of investigating the components in Irish and English so that children may benefit from the transfer of skills in literacy. Studies reveal that reading needs to be taught and that wide reading is not sufficient to improve reading standards. This study has implications for reading in Irish in other settings.
Author: Jacqueline De Brún
Institution: Dublin City University
Language: Irish
Subfield: Developmental and Educational Psychology
Field: Psychology
Domain: Social Sciences
SDG: Quality education
Open Access status: diamond
OpenAlex ID: W7226001667
